Is córas bainistíochta suirbhéanna ar líne é EUSurvey lenar féidir foirmeacha don phobal a chruthú agus a fhoilsiú, m.sh. suirbhéanna ar shástacht úsáideoirí agus comhairliúcháin phoiblí. Is é is príomhchuspóir dó suirbhéanna oifigiúla a chruthú chun tuairimí an phobail a fháil agus foirmeacha a chruthú don chumarsáid inmheánach agus don bhainistíocht foirne, m.sh. suirbhéanna ar thuairimí na mball foirne agus foirmeacha chun measúnuithe a dhéanamh nó le clárú.
Laistigh de EUSurvey, cuirtear raon leathan eilimintí ar fáil a úsáidtear ar fhoirmeacha, ó na cinn is simplí (m.sh. ceisteanna téacs agus ceisteanna ilrogha) go cinn níos casta (scarbhileoga ineagarthóireachta agus eilimintí ilmheáin).
Tá mórchuid gnéithe in EUSurvey. Cuirtear ar fáil iad le freastal ar riachtanais éagsúla a bhaineann le suirbhéanna de chineálacha éagsúla a chruthú. Tá liosta iomlán de na gnéithe sin thíos:
San eagarthóir so-úsáidte cuirtear rogha leathan de chineálacha ceisteanna ar fáil – ceisteanna simplí téacs, ceisteanna ilrogha, ceisteanna i bhfoirm tábla agus eilimintí ilmheáin. Is féidir eilimintí speisialta struchtúracha a úsáid chun struchtúr a chur ar an suirbhé.
In EUSurvey, is féidir ceisteanna agus réimsí breise a thaispeáint a bhíonn ag brath ar na freagraí a thugann an freagróir, rud a dhéanann an suirbhé idirghníomhach.
Is féidir tráth ar leith a shonrú le haghaidh fhoilsiú nó dhífhoilsiú do shuirbhé.
Is féidir suirbhé atá foilsithe a athrú gan aon cheann de na haighneachtaí a chailleadh.
Tá an comhéadan úsáideora ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh, agus is féidir an fhoirm a aistriú go haon cheann den 136 theanga a chuimsíonn ISO 639-1, ón Abcáisis go dtí an Volaifis.
Tá an infreastruchtúr is gá ag EUSurvey chun na foirmeacha ar líne a choinneáil slán.
Is féidir na teagmhálaithe roghnaithe a bhainistiú sa 'Leabhar Seoltaí' agus an liosta sin a úsáid chun ríomhphost pearsanta a sheoladh chuig gach teagmhálaí ina mbeidh nasc rochtana pearsanta.
Is féidir leat príobháideachais an rannpháirtí a chinntiú trí fhoirm anaithnid a chruthú. Sa chás sin, ní bheidh sonraí nascachta ar fáil duit mar údar na foirme.
A bhuí leis an eagarthóir stíleanna CSS insuite agus leis na heagarthóirí méith-théacs leabaithe do gach ceann de na heilimintí a bhíonn le feiceáil, bíonn smacht iomlán agat ar leagan amach na foirme. Tá liosta mór de théamaí ar fáil do na suirbhéanna a fhágann gur fusa an fhoirm a chur in oiriúint don chineál tionscadail atá idir lámha agat. Is féidir an suirbhé a bheith ar leathanach amháin nó a bheith ar níos mó ná leathanach amháin.
Is féidir leat ligean do rannpháirtithe a n-aighneacht a shábháil mar dhréacht ar an bhfreastalaí agus teacht ar ais chun leanúint de níos déanaí.
Le EUSurvey, is féidir leat foirm a líonadh isteach agus tú as líne, agus an aighneacht a sheoladh isteach chuig an bhfreastalaí níos déanaí.
Chun struchtúr a chur ar an suirbhé, is féidir le EUSurvey eilimintí na foirme a uimhriú duit.
Is féidir le rannpháirtithe lagamhairc leagan ardchodarsnachta den suirbhé a roghnú. Cruthaítear sin go huathoibríoch do gach foirm.
Is féidir leat comhaid a uaslódáil lena gcur le do shuirbhé. Is féidir le gach duine a líonann amach do shuirbhé iad sin a íoslódáil.
Más mian leat, is féidir do shuirbhé a fhoilsiú go huathoibríoch ar "liosta na suirbhéanna poiblí", le go bhfeicfidh níos mó daoine fós é.
Má tá suirbhé agat a bheidh á bhainistiú ag níos mó ná duine amháin, ligeann EUSurvey duit ceadanna ardleibhéil a shocrú d'úsáideoirí eile sa chaoi gur féidir leo suirbhé a thástáil nó anailís a dhéanamh ar thorthaí suirbhé.
Tá bunfheidhmeanna ag EUSurvey lenar féidir anailís a dhéanamh ar shonraí agus na sonraí sin a amharcléiriú i bhfoirm histeagram agus cairteacha. Is féidir iad a easpórtáil freisin i bhformáidí caighdeánacha scarbhileoige lena n-iompórtáil isteach i bhfeidhmchláir staidrimh.
Tugann an feidhmchlár EUSurvey caoi duit chun fothacar de gach freagra a seoladh isteach a fhoilsiú ar leathanaigh inmheánacha an fheidhmchláir. Is féidir leis an gcóras staitisticí agus cairteacha a ghiniúint go huathoibríoch.
Is féidir leat cead a thabhairt do na rannpháirtithe aighneacht a chur in eagar tar éis dóibh í a sheoladh isteach.